Eifisigh 4:1-32
4 Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh
2 agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile
3 agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.
4 Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia.
5 Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.
6 Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.
7 Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é,
8 faoi mar a deir an scrioptúr:
“ Ar dhul in airde dó,ghabh sé slua cimíagus thug tabhartais do dhaoine.”
9 Cad tá le tuiscint as an “dul in airde” sin ach gur tháinig sé anuas chomh maith ar an domhan íochtarach seo?
10 An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha.
11 Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n-aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí,
12 d’fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;
13 go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.
14 Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
15 Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn.
16 Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.
17 Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n-aird ar nithe baotha,
18 a bhfuil scamall ar a n-aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.
19 Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh.
20 Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach,
21 má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh.
22 Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona;
23 athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n-aigne
24 agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor.
25 Cuirigí uaibh an t-éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.
26 Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,
27 agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal.
28 An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.
29 Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fóinteach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.
30 Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte.
31 Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais.
32 Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.