Irimia 18:1-23

18  An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna:  “Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.”  Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth.  Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh.  Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam:  “rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo?—an Tiarna a labhraíonn—Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.  Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh;  ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n-oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.  Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú; 10  ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n-umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu. 11  Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n-aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n-imeachtaí gránna, leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha.’ 12  Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’” 13  “Dá bhrí sin—is mar seo a deir an Tiarna:Fiafraígí anois i measc na náisiúncé chuala a leithéid seo:Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar. 14  An n-imíonn sneachta na Liobáineón gcarraig bheannach?An dtéann na huiscí maorgaa bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc? 15  Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise!Loscann siad a dtúis do neamhní!D’imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh,ag gabháil na seanbhóithre,ag siúl dóibh sna cosáin chama,ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas. 16  Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach;déanfar ábhar fonóide di go deo;an té a rachaidh thairsti beidh uafás airagus craithfidh sé a cheann. 17  Mar a dhéanfadh an ghaoth anoirscaipfidh mé iad roimh an namhaid.Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m’aghaidh,ar lá a dtruamhéile.” 18  “Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.” 19  Tabhair cluas dom, a Thiarna,éist le céard tá á rá ag mo naimhde. 20  Ar chuí ceart a chúiteamh le holc?(Mar tá siad ag tochailt poill do m’anam.)Cuimhnigh gur sheas mé i d’fhianaiseag labhairt ar a son,le go n-iompóinn d’fhearg uathu. 21  Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta;tabhair suas iad do bhéal an chlaímh.Go raibh a mná céile gan sliocht,go bhfágtar ina mbaintreacha iad.Go n-éaga a bhfir den phlá;go dtite a n-ógánaigh leis an gclaíomh sa chath. 22  Go gcluintear scread maidine as a dtithenuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu.Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse;d’fholaigh siad líonta do mo chosa. 23  Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat,do mo mharú.Ná maith a n-éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc.Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d’aigne,nuair a thiocfaidh an lá a n-agróidh tú d’fhearg orthu.

Fonótaí