Irimia 29:1-32
29 Is iad seo briathra na litre a chuir Irimia fáidh ó Iarúsailéim chun na seanóirí sin a tugadh ar deoraíocht, chun na sagart, na bhfáithe agus chun an phobail uile a rug Nabúcadnazar leis ar deoraíocht ó Iarúsailéim don Bhablóin.
2 Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é.
3 Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir:
4 Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, leis na deoraithe uile a tugadh ar shiúl ó Iarúsailéim don Bhablóin:
5 “Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí;
6 tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n-iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad.
7 Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath.”
8 Ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad,
9 óir tairngríonn siad daoibh go bréagach i m’ainmse. Ní mise a chuir uaim iad—an Tiarna a labhraíonn.’”
10 Óir is mar seo a deir an Tiarna: “Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo.
11 Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh—an Tiarna a labhraíonn—smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh.
12 Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh.
13 Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán.
14 Beidh mise ar fáil agaibh—an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.
15 B’fhéidir go n-abróidh sibh: ‘Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin.’
16 Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas.
17 Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n-olcas.
18 Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n-iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad,
19 de bhrí nár éist siad le mo bhriathra—an Tiarna a labhraíonn—bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht—an Tiarna a labhraíonn.”
20 Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna:
21 “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m’ainmse: ‘Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl.
22 Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.
23 Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m’ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.’”
24 Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin
25 chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá:
26 “Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn.
27 Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse?
28 Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: ‘Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’”
29 Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh.
30 Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia:
31 “Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: ‘Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag,
32 ar an ábhar sin—a deir an Tiarna—gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal—an Tiarna a labhraíonn—de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’”