Irimia 6:1-30

6  Teithigí le bhur n-anam a chlann Bhiniáimin as lár IarúsailéimSéidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim!Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart,díobháil mhór.  An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáidle féarach cumhra?  Tagann aoirí lena dtréada ina coinne.Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi.Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.  “Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm!Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil.”“A mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn,tá néalta nóna ag síneadh.”  “Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oícheagus scriosfaimid a páláis.”  Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Gearraigí síos na crainn,tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim;is í Cathair na mBréag í,gan inti ina lár ach leatrom.  Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr,coinníonn sise a mailís úr.Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti;i mo fhianaise i gcónaíbíonn galair agus cneácha.  Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,ar eagla go n-iompóinn uait,agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.  Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Deasc fuíoll Iosrael,deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,cuir do lámh arís sna craobhacha.” 10  Cé leis a labhróidh mise,cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,ní fhéadann siad éisteacht.Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,níl dúil acu ann. 11  Tá mé lán d’fhearg an Tiarnatáim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,agus ar oireachtas na n-ógfhear in éineacht.Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta. 12  Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,a bhfearann agus a mná in éineacht.Sínfidh mise amach mo lámhar dhúchasaigh na tíre seo—an Tiarna a labhraíonn. 13  Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,ón té is lú go dtí an té is mó;an sagart agus an fáidh araon,déanann siad uile bearta bréagacha. 14  Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,ach níl aon síocháin ann. 15  Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n-imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu—a deir an Tiarna.” 16  Is mar seo a deir an Tiarna:“Seasaigí i mbealaí an tseansaoilcuirigí tuairisc na seanchasáncé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansinagus gheobhaidh sibh suaimhneas.Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’ 17  Chuir mé fir faire ar mhaithe leo:éistigí le glor an stoic!Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’ 18  Cluinigí mar sin, a chiníocha,bíodh a fhios agaibh, a oireachtais,céard tá i ndán dóibh. 19  Éist, a thalaimh,táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo:de bhrí nár éist siad le mo bhriathra,agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó. 20  Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá,nó giolcóg chumhra ón imigéin?Ní taitneamhach bhur n-ofrálacha loiscthe,ní milis liom bhur n-íobairtí. 21  Dá bhrí sin—mar seo a deir an Tiarna:‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seole go dtitfidh siad orthu;an t-athair agus an mac in éineacht,an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’” 22  Is mar seo a deir an Tiarna:“Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh,ó chríocha imigéiniúla na talúngluaiseann náisiún mór; 23  tá bogha agus gath i ngreim acu,tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige;tá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d’aghaidhse, a iníon Shíón. 24  Chualamar an scéala;titeann ár lámha go faonlag,rug doigh greim orainn,pian mar a bheadh ag bean le híona. 25  Ná himígí amach faoin tuath,ná siúlaigí ar na bóithre,óir tá claíomh an namhad ann,agus scanradh ar gach aon taobh. 26  Crioslaigh thú féin i sacéadach,ó a iníon mo dhaoine,únfairtigh thú féin i luaithreach,déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic,caoineadh róghéar.Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn. 27  Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal,le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n-iompar. 28  Is tréigtheoirí ceanndána iad uile,ag siúl rompu le lucht tromaíochta. 29  Séideann na boilg go fíochmhargo ndéana an tine an luaidhe a dhó.Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar,ní ghlantar an conamar as. 30  Airgead diúltaithe a thugtar orthu,agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”

Fonótaí