Irimia 7:1-34

7  An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna, mar seo a ghabh sé:  “Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh.  Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.  Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!  Ach má leasaíonn sibh bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,  gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,  más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n-aithreacha go brách.  Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.  An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh? 10  Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m’ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte—sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile! 11  An Teampall seo a ghairtear i m’ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise—is é an Tiarna a labhraíonn. 12  “Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m’ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael. 13  Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile—an Tiarna a labhraíonn—agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh, 14  uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m’ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n-aithreacha, mar do rinne mé le Sileo. 15  Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad. 16  “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat. 17  Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim? 18  Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile. 19  An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n-olc—an Tiarna a labhraíonn—nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin? 20  Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.” 21  Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n-ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n-íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad. 22  Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t-am ar thug mé bhur n-aithreacha as talamh na hÉigipte. 23  Is mar seo a d’ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh. 24  Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl. 25  Ón lá a tháinig bhur n-aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe. 26  Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n-aithreacha. 27  Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú. 28  Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n-umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D’éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal. 29  Gearr díot do thrilse, caith uait iad.Tóg suas caoineadh ar na harda loma.Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.’ 30  “Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom—an Tiarna a labhraíonn—chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m’ainmse, á thruailliú. 31  Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n-iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí. 32  Mar sin tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n-adhlacah i dToifit, cheal spáis; 33  beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann. 34  Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”

Fonótaí