Salm 102:1-28
Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.
102 [102:2] A Thiarna, éist le mo ghuí;agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.
2 [102:3] Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna,an uair a bhím do mo bhuaireamh.Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort;éist liom go luath agus freagair mé.
3 [102:4] Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach;tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.
4 [102:5] Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.
5 [102:6] Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.
6 [102:7] Is cosúil mé le peileacán san fhásach,le hulchabhán i measc na bhfothracha.
7 [102:8] Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh,mar éan ar dhíon tí ina aonar.
8 [102:9] Bíonn m’eascairde do mo mhaslú de shíor;agus bíonn m’ainm ina eascaine ag mo naimhde.
9 [102:10] Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;agus meascaim mo dheoch le deora,
10 [102:11] de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.
11 [102:12] Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
12 [102:13] Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;maireann d’ainm ó ghlúin go glúin.
13 [102:14] Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,óir is mithid duit trua a dhéanamh di,toisc gur tháinig a hionú isteach.
14 [102:15] Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;agus is trua leo fiú amháin a fothracha.
15 [102:16] Beidh eagla ar na ciníocha roimh d’ainm, a Thiarna;agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.
16 [102:17] Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón,nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,
17 [102:18] claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh;agus ní eiteoidh sé a n-achainíocha chuige.
18 [102:19] Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.
19 [102:20] “D’fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.
20 [102:21] I dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” –
21 [102:22] D’fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,
22 [102:23] nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.
23 [102:24] D’ídigh sé mo neart sa tslí;rinne sé mo laethanta a ghiorrú.
24 [102:25] Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil,ná sciob mé leat i lár mo laethanta,ós tú a mhaireann go brách na breithe.”
25 [102:26] Bhunaigh tú an talamh ar dtús;is iad na flaithis saothar do lámh.
26 [102:27] Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa;rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;
27 [102:28] ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.
28 [102:29] Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;agus beidh a sliocht i do láthair go brách.