Salm 143:1-12

Salm Dháiví. 143  Éist le m’urnaí, a Thiarna;éist le m’achainí as ucht do dhílse,freagair mé as ucht d’fhíréantachta.  Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais;óir níl aon neach fíréanta i d’fhianaise.  Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm;threascair sé m’anam go huir;thug sé orm fanacht sa dorchachtar nós daoine atá marbh le fada.  Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma;agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.  Is cuimhin liom na laethanta fadó;déanaim machnamh ar d’oibreacha go léir.Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh  agus sínim mo sciatháin amach chugat;mar thalamh spalptha bíonn m’anam ag tnúth leat.  Éist liom gan mhoill, a Thiarna,óir tá mo mheanma á cloí.Ná cuir d’aghaidh i bhfolach orm,sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.  Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin,óir is ionat a chuirim mo dhóchas.Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam,óir is chugatsa a thógaim m’anam.  Fuascail mé ó m’eascairde, a Thiarna;óir chuir mé mé féin faoi do choimirce. 10  Múin dom do thoil a dhéanamh,óir is tú mo Dhia, a Thiarna.Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh,isteach sa talamh comhréidh. 11  Cosain mo bheo as ucht d’ainm, a Thiarna;i d’fhíréantacht saor m’anam ón anacair. 12  Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais;agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm;óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.

Fonótaí