Salm 23:1-6
Salm le Dáiví.
23 Is é an Tiarna m’aoire:ní bheidh aon ní de dhíth orm.
2 Cuireann sé féin i mo luí méi móinéar féir ghlais.Seolann sé ar imeall an uisce mé
3 mar a bhfaighim suaimhneas.Seolann sé ar shlí na fíréantachta mémar gheall ar a ainm.
4 Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,níor bhaol liom an t-olcagus tú faram le do shlat is do bhachallchun sólás a thabhairt dom.
5 Cóiríonn tú bord chun béile domi láthair mo naimhde.Ungann tú mo cheann le hola;tá mo chupa ag cur thairis.
6 Leanfaidh cineáltas is buanghrá mégach lá de mo shaol;i dteach an Tiarna a mhairfidh mégo brách na breithe.