Salm 24:1-10

Salm le Dáiví. 24  Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire,an domhan ar fad agus a maireann ann.  Is é féin a bhunaigh ar an aigéan éagus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.  Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna?Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?  An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige:an té ar beag air nithe gan tairbheagus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.  Beidh beannacht an Tiarna ar an té sinagus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.  A leithéid sin a bhíonn á lorg:a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.  Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach!  Cé hé an Rí seo na glóire?An Tiarna atá láidir, tréan;an Tiarna atá tréan i gcogadh.  Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,agus tógtar na doirse cianaostago dtaga Rí na glóire isteach! 10  Cé hé an Rí seo na glóire?Is é an Tiarna é, Dia na slua,sin é Rí na gloire.

Fonótaí