Salm 65:1-13

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 65  [65:2] Is duit is dleacht ár moladhi Síón, a Dhia.Is duit a chomhlíonfar ár móid,  [65:3] ós tú a éisteann lenár nguí.Ortsa atá triall gach aon neach  [65:4] lena eire urchóide.Luíonn ár lochtanna go trom orainnach tugann tusa maithiúnas dúinn.  [65:5] Is méanar don té a roghnaíonn tú,á ghlaoch chun do chúirteanna.Sásófar le flúirse do thí sinn,le hionad naofa do theampaill.  [65:6] Déanann tú éachtaí i d’fhíréantacht dúinn,a Dhia ár slánaithe.Dóchas críocha uile na cruinne thúagus na bhfarraigí imigéiniúla.  [65:7] Daingníonn tú na sléibhte le do neartar do chrioslú le cumhacht.  [65:8] Maolaíonn tú fothram na farraigeagus torann na dtonntaagus gleo na gciníocha.  [65:9] Lucht cónaithe chríocha na cruinne,is eagal leo d’éachtaí.Cuireann tú áthas ar imill imchianaan Oirthir is an Iarthair.  [65:10] Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú,gur mhéadaigh tú a maoin.Sceitheann abhainn Dé thar bruachad’fhonn arbhar a sholáthar di. 10  [65:11] Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh,ag tabhairt uisce dá claiseanna.Déanann tú a bogadh le ceathanna;beannaíonn tú a geamhair. 11  [65:12] Chuir tú barr ar an mbliain le d’fhéileagus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras 12  [65:13a] agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth.Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas 13  [65:13b] agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada.Tá na gleannta faoi bhrat arbhair;tógann siad gártha agus canaid le háthas.

Fonótaí