Seanfhocail 1:1-33

1  Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:  Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;le go dtuigfí briathra ciallmhara;  Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna,san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.  Le críonnacht a thabhairt don saonta,agus eolas agus tuiscint don óg;  Éisteadh an t-eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige,agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.  Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh,briathra na saoithe agus a nathanna –  Tús na heagna eagla Dé;is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.  Éist, a mhic, le teagasc d’atharagus ná séan oiliúint do mháthar.  Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheannagus mar thorc ar do bhráid. 10  Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó,ná géill dóibh. 11  Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola;tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh; 12  Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól,iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe. 13  Gheobhaimid maoin de gach sórt,agus líonfaimid ár dtithe le creach. 14  Fág do chuid roinne fúinne;ní bheidh againn go léir ach an t-aon sparán.” 15  A mhic, ná gabh an bealach leo,agus ná leag do chos ar a gcosán. 16  (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc,agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.) 17  Is fánach é an líon a leathadhagus an t-éan ag faire. 18  Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán;orthu féin a dhéanann siad eadarnaí. 19  Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir;sciobann an foréigean an t-anam ón dream ar leo é. 20  Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna,agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh; 21  Éann sí ar bharr na mballaí,agus labhraíonn ag geataí na cathrach: 22  “A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibhgean do bhur saontacht?An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireachtagus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas? 23  Tugaigí aird ar mo rabhadh;déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh,agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair. 24  De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht,gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm; 25  De bhrí nár thóg sibh ceann d’aon chomhairle do mo chuid,agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim, 26  Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachásagus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh, 27  Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh. 28  Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm. 29  Óir bhí fuath acu don eolas,agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo. 30  Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim. 31  Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin. 32  Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta,agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin. 33  An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma,beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”

Fonótaí