Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A CÚIG DÉAG

Ag Adhradh Dé Mar Is Ceart

Ag Adhradh Dé Mar Is Ceart

1. Cé atá in ann muid a chur ar an eolas maidir le hadhradh Dé?

MAÍONN formhór na reiligiún go bhfuil siad ag múineadh na fírinne faoi Dhia. Ach ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor, mar múineann siad ar fad rudaí difriúla faoi Dhia. Cén chaoi ar féidir linn Dia a adhradh mar is ceart? Is ag Iehova amháin atá freagra na ceiste sin.

2. Cén áit ar féidir leat eolas a fháil ar an gcaoi cheart le Dia a adhradh?

2 Tá an t-eolas sin tugtha ag Iehova dúinn sa mBíobla. Mar sin, déan staidéar ar an mBíobla agus cabhróidh Iehova leat tairbhe a bhaint as, mar tá an-chion aige ort.—Íseáia 48:17.

3. Céard atá Dia ag iarraidh orainn a dhéanamh?

3 Deirtear go nglacann Dia le gach reiligiún, ach ní shin é a mhúin Íosa. Dúirt sé: “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m’Athar.” Mar sin, ní mór dúinn fáil amach céard é toil Dé agus ansin é a dhéanamh. Is rud tromchúiseach é seo mar chuir Íosa daoine nach ndéanann toil Dé i gcomparáid le coirpigh, nó, daoine “a dhéanann an t-olc.”—Matha 7:21-23.

4. Cén foláireamh a thug Íosa?

4 Thug Íosa foláireamh dúinn go mbeadh dúshláin le sárú ag an té atá ag iarraidh toil Dé a dhéanamh. Dúirt sé: “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.” (Matha 7:13, 14) Seasann an bóthar cúng don chaoi cheart le Dia a adhradh, agus má fhanann muid air beidh an bheatha shíoraí againn. Seasann an bóthar leathan don chaoi mhícheart le Dia a adhradh, agus má fhanann muid air gheobhaidh muid bás. Níl Iehova ag iarraidh ar aon duine againn bás a fháil. Tugann sé an deis do gach duine aithne a chur air.—2 Peadar 3:9.

AN CHAOI CHEART LE DIA A ADHRADH

5. Cén chaoi ar féidir leat an dream atá ag adhradh Dé mar is ceart a aithint?

5 Dúirt Íosa gur féidir linn an dream atá ag adhradh Dé mar is ceart a aithint. Is féidir linn iad a aithint trí scrúdú a dhéanamh ar na rudaí a chreideann siad agus a dhéanann siad. Dúirt Íosa: “Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.” Agus: “Tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh.” (Matha 7:16, 17) Ní hé go bhfuil searbhóntaí Dé foirfe. Ach déanann siad a ndícheall an rud ceart a dhéanamh. Feicfidh muid anois céard a chabhróidh linn an dream atá ag adhradh Dé mar is ceart a aithint.

6, 7. Cén fáth a bhfuil an fíor-adhradh bunaithe ar an mBíobla? Céard a fhoghlaimíonn muid ó dhea-shampla Íosa?

6 Adhradh atá bunaithe ar an mBíobla. Deir an Bíobla: “Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh [nó, inspioráid] Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.” (2 Tiomóid 3:16, 17) Is mar seo a scríobh an t-aspal Pól chuig na Críostaithe: “Nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé.” (1 Teasalónaigh 2:13) Tá an fíor-adhradh bunaithe ar an mBíobla, agus ar an mBíobla amháin. Níl sé bunaithe ar thuairimí daoine, traidisiúin, ná ar aon rud eile.

7 Bhí gach ar mhúin Íosa bunaithe ar Bhriathar Dé. (Léigh Eoin 17:17.) Is minic a rinne sé tagairt do na Scrioptúir. (Matha 4:4, 7, 10) Leanann fíorChríostaithe dea-shampla Íosa, agus bunaíonn siad gach a múineann siad ar an mBíobla.

8. Céard a mhúin Íosa faoi adhradh Iehova?

8 Is é Iehova amháin is cóir a adhradh. Tá sé ráite i Salm 83:19 (Salm 83:18 i mBíoblaí eile): “Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna [Iehova]; an Té is Airde os cionn an domhain go léir.” Ba mhian le hÍosa go mbeadh a fhios ag daoine cé hé an Fíor-Dhia, agus d’fhoilsigh sé a ainm dóibh. (Léigh Eoin 17:6.) Dúirt Íosa: “Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.” (Matha 4:10) Mar sin, mar shearbhóntaí Dé, leanann muid dea-shampla Íosa. Adhrann muid Iehova amháin, úsáideann muid agus foilsíonn muid a ainm, agus insíonn muid do dhaoine eile faoin méid atá sé ag dul a dhéanamh ar ár son.

9, 10. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur chóir dúinn grá a bheith againn dá chéile?

9 Ní mór dúinn fíorghrá a bheith againn do dhaoine. Mhúin Íosa dá dheisceabail le grá a bheith acu dá chéile. (Léigh Eoin 13:35.) Is cuma cá as muid, cén cultúr a mbaineann muid leis, nó más saibhir nó daibhir muid. Ba chóir go n-aontódh ár ngrá dá chéile muid. (Colosaigh 3:14) Mar sin, ní théann muid chun cogaidh agus ní bhíonn muid ag marú daoine. Deir an Bíobla: “Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.” Deir an Bíobla freisin: “Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile. Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin.”—1 Eoin 3:10-12; 4:20, 21.

10 Úsáideann muid ár n-am, ár bhfuinneamh, agus ár n-acmhainní chun cabhrú le chéile, agus chun a chéile a spreagadh. (Eabhraigh 10:24, 25) Déanann muid “an mhaith do chách.”—Galataigh 6:10.

11. Cén fáth nach mór dúinn a bheith umhal d’Íosa?

11 Ní mór dúinn a bheith umhal d’Íosa mar is é ár Slánaitheoir é. Deir an Bíobla: “Níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.” (Gníomhartha 4:12) I gCaibidil 5 den leabhar seo, d’fhoghlaim muid gur chuir Iehova Íosa uaidh chun a bheatha a thabhairt mar éiric ar ár son. (Matha 20:28) Is é Íosa atá roghnaithe ag Iehova chun an domhan a rialú. Sin é an fáth a bhfuil sé ráite sa mBíobla go gcaithfidh muid a bheith umhal d’Íosa, más linn maireachtáil go deo.—Léigh Eoin 3:36.

12. Cén fáth nach nglacann muid aon pháirt sa bpolaitíocht?

12 Ní cheart dúinn aon pháirt a ghlacadh sa bpolaitíocht. Níor ghlac Íosa aon pháirt i bpolaitíocht. Nuair a bhí sé ar a thriail, dúirt sé leis an rialtóir Rómhánach Pioláit: “Ní den saol seo mo ríocht.” (Léigh Eoin 18:36.) Cosúil le hÍosa, tá muidne umhal do Ríocht Dé, agus dá bhrí sin, is cuma cá gcónaíonn muid, ní bhíonn aon pháirt againn sa bpolaitíocht. Ag an am céanna ordaíonn an Bíobla dúinn a bheith “géilliúil do na húdaráis,” is é sin, na rialtais. (Rómhánaigh 13:1) Bíonn muid umhal do dhlíthe na dtíortha ina gcónaíonn muid. Ar ndóigh, nuair a théann dlí daonna in aghaidh dlíthe Dé, déanann muid aithris ar na haspail, a dúirt: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.”—Gníomhartha 5:29; Marcas 12:17.

13. Céard atá Ríocht Dé chun a dhéanamh?

13 Creideann muid gurb í Ríocht Dé an t-aon leigheas amháin atá ar fhadhbanna an domhain. Dúirt Íosa go bhfógrófaí “an dea-scéal seo na ríochta” ar fud an domhain go léir. (Léigh Matha 24:14.) Níl rialtais dhaonna in ann fadhbanna an domhain a réiteach. (Salm 146:3) Dúirt Íosa linn guí go dtiocfadh Ríocht Dé nuair a dúirt sé: “Go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.” (Matha 6:10) Tá sé ráite sa mBíobla go scriosfaidh Ríocht Dé na rialtais ar fad, agus go “seasfaidh sé féin go brách.”—Dainéil 2:44.

14. Cé a cheapann tusa atá ag adhradh Dé mar is ceart?

14 Tar éis machnamh a dhéanamh ar na pointí seo, fiafraigh díot féin: ‘Cé a bhunaíonn a gcuid teagasca ar an mBíobla? Cé a insíonn do dhaoine eile faoi ainm Dé? Cé hiad an dream a bhfuil fíorghrá acu dá chéile agus a chreideann gur chuir Dia Íosa uaidh chun muid a shlánú? Cé hiad an dream nach nglacann aon pháirt i bpolaitíocht? Cé a fhógraíonn gurb í Ríocht Dé amháin atá in ann fadhbanna an domhain a réiteach?’ Finnéithe Iehova.—Íseáia 43:10-12.

CÉARD A DHÉANFAIDH TÚ?

15. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh más mian linn go nglacfaidh Dia lenár n-adhradh?

15 Ní leor a chreidiúint go bhfuil Dia ann. Creideann na deamhain go bhfuil Dia ann, ach níl siad umhal dó. (Séamas 2:19) Más mian linn go nglacfaidh Dia lenár n-adhradh, ní hé amháin go gcaithfidh muid creidiúint go bhfuil sé ann, ach caithfidh muid a bheith umhal dó.

16. Cén fáth ar chóir dúinn droim láimhe a thabhairt do reiligiúin bhréagacha?

16 Caithfidh muid droim láimhe a thabhairt do reiligiúin bhréagacha. Scríobh an fáidh Íseáia: “Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin.” (Íseáia 52:11; 2 Corantaigh 6:17) Sin é an fáth a gcaithfidh muid diúltú d’aon rud a bhaineann le reiligiúin bhréagacha.

17, 18. Céard í “An Bhablóin Mhór,” agus cén fáth a bhfuil sé práinneach í a fhágáil?

17 Céard é reiligiún bréagach? Reiligiún ar bith a mhúineann modh adhradh a théann in aghaidh Briathar Dé, an Bíobla. Tugann an Bíobla “An Bhablóin Mhór” ar na reiligiúin bhréagacha go léir le chéile. (Apacailipsis 17:5) Cén fáth? Tar éis na Díleann in aimsir Naoi, tosaíodh ag múineadh a lán teagasca bréagacha i gcathair na Bablóine. Scaip na teagasca bréagacha seo ar fud an domhain go léir. Mar shampla, bhíodh muintir na Bablóine ag adhradh déithe a raibh trí phearsa iontu. Múineann a lán reiligiúin fós inniu go bhfuil trí phearsa i nDia, is é sin gur Tríonóid é. Ach múineann an Bíobla nach bhfuil ann ach aon Fhíor-Dhia amháin, agus gurb é Íosa a Mhac. (Eoin 17:3) Chreid muintir na Bablóine freisin gur lean anam an duine air ag maireachtáil tar éis a bháis agus go bhféadfadh sé dul go hifreann. Níl sé sin fíor.—Féach Aguisíní 14, 17, agus 18.

18 Tá sé tuartha ag Dia go bhfuil reiligiúin bhréagacha le scriosadh go luath. (Apacailipsis 18:8) An dtuigeann tú cén fáth a bhfuil sé práinneach reiligiúin bhréagacha a fhágáil? Tá Iehova Dia ag iarraidh ort é sin a dhéanamh sula mbeidh sé rómhall.—Apacailipsis 18:4.

Nuair a thosóidh tú ag adhradh Iehova i gcomhluadar a shearbhóntaí, beidh tú i do bhall dá theaghlach domhanda

19. Cén chaoi a dtabharfaidh Iehova aire duit, má bhíonn tú umhal dó?

19 Nuair a chinneann tú reiligiún bréagach a fhágáil agus a bheith umhal d’Iehova, d’fhéadfadh sé nach dtuigfeadh cuid de do chairde, nó de do chlann an cinneadh atá déanta agat agus go gcuirfidís i d’aghaidh. Ach ní thréigfidh Iehova thú. Beidh tú i do bhall de theaghlach domhanda ina bhfuil na milliúin duine, a bhfuil fíorghrá acu dá chéile, agus beidh an deis agat maireachtáil go deo ar dhomhan nua Dé. (Marcas 10:28-30) B’fhéidir go mbeartódh cuid de na daoine, atá ag cur i d’aghaidh anois, staidéar a dhéanamh ar an mBíobla níos déanaí.

20. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach Dia a adhradh mar is ceart?

20 Scriosfaidh Dia gach olc go luath, agus rialóidh a Ríocht an domhan go léir. (2 Peadar 3:9, 13) Beidh an saol go maith an uair sin! Beidh gach duine ag adhradh Iehova mar is ceart. Mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanfá beart anois agus go dtosófá ag adhradh Dé mar is ceart.