Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A hAON

Cé hÉ Dia?

Cé hÉ Dia?

1, 2. Cén sórt ceisteanna a bhíonn ag daoine?

CUIREANN páistí go leor ceisteanna. Nuair a mhíníonn tú rud éigin dóibh, is minic a fhiafraíonn siad, ‘Cén Fáth?’ Nuair a thugann tú freagra, is minic a fhreagraíonn siad le ceist eile fós, ‘Ach cén fáth?’

2 Más sean nó óg muid tá ceisteanna againn ar fad. Ceisteanna ar nós céard a íosfaidh muid, céard a chaithfidh muid, nó céard a cheannóidh muid. B’fhéidir go bhfuil ceisteanna níos tábhachtaí fós againn faoin saol agus faoin todhchaí. Mura bhfaigheann muid freagraí sásúla ar na ceisteanna seo, tá an baol ann go stopfaidh muid ag lorg na bhfreagraí.

3. Cén fáth a gceapann go leor daoine nach bhfuil freagraí le fáil ar a gcuid ceisteanna?

3 An bhfuil freagraí sa mBíobla ar na ceisteanna a chuireann muid? Tá daoine den tuairim go bhfuil, ach ceapann siad go bhfuil an Bíobla ró-dheacair le tuiscint. Is minic a cheapann siad gur ag múinteoirí nó sagairt amháin atá na freagraí. Bíonn náire ar dhaoine eile admháil nach bhfuil na freagraí ar eolas acu. Céard a cheapann tusa?

4, 5. Céard iad na ceisteanna móra atá agat? Cén fáth ar cheart duit coinneáil ort ag cuardach na bhfreagraí?

4 Is dócha gur mhaith leat freagraí a fháil ar cheisteanna ar nós: Cén fáth ar cuireadh ar an saol seo mé? Céard a tharlóidh dom nuair a gheobhaidh mé bás? Cé hé Dia? Dúirt Íosa linn coinneáil orainn ag déanamh achainí, agus go dtabharfar dúinn; coinneáil orainn ag lorg, agus go bhfaighidh muid; coinneáil orainn ag cnagadh, agus go n-osclófar dúinn. (Matha 7:7) Mar sin, ná tabhair suas do chás go dtí go bhfaighidh tú freagraí sásúla.

5 Má choinníonn tú ort ag cuardach, gheobhaidh tú na freagraí sa mBíobla. (Seanfhocail 2:1-5) Níl sé ró-dheacair na freagraí seo a thuiscint. Beidh saol níos sona agat anois dá bharr, agus beidh dóchas agat don todhchaí. Breathnóidh muid anois ar cheist a chuireann mearbhall ar a lán daoine.

AN BHFUIL CION AG DIA ORAINN NÓ AN BHFUIL SÉ CRUÁLACH?

6. Cén fáth a gceapann daoine nach bhfuil suim ar bith ag Dia ionainn?

6 Ceapann go leor daoine nach bhfuil suim dá laghad ag Dia ionainn. Ceapann siad dá mbeadh, go mbeadh an saol an-difriúil. Tá cogadh, fuath, agus anró i ngach áit. Tá daoine tinn, ag fulaingt, agus ag fáil bháis. Fiafraíonn daoine: ‘Má tá cion ag Dia orainn, cén fáth nach gcuireann sé deireadh le fulaingt?’

7. (a) Cén chaoi a dtugann ceannairí reiligiúnacha le tuiscint go bhfuil Dia cruálach? (b) Cén fáth ar féidir linn a bheith cinnte nach ar Dhia atá an milleán faoi na drochrudaí a tharlaíonn?

7 Is minic a thugann ceannairí reiligiúnacha le tuiscint go bhfuil Dia cruálach. Nuair a tharlaíonn drochrudaí, deir siad gurb é toil Dé é. Is ar Dhia atá siad ag cur an mhilleáin. Ach múineann an Bíobla nach é Dia foinse an oilc. Deir Iób 34:12: “Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir.” Mar sin, cé nach stopann Dia drochrudaí ag tarlú, ní hé is cúis leo.Léigh Séamas 1:13.

8, 9. Cén fáth nach bhfuil sé ceart ná cóir an milleán a chur ar Dhia faoinár bhfadhbanna? Tabhair sampla.

8 Tóg, mar shampla, fear óg atá ina chónaí sa mbaile lena thuismitheoirí. Tá an-chion ag a athair air agus thóg sé go maith é chun go mbeadh sé in ann a bhealach a dhéanamh sa saol. Ansin, iompaíonn an fear óg in aghaidh a athar agus fágann sé an baile. Déanann sé drochrudaí agus tarraingíonn sé trioblóid ar féin. An gcuirfeá an milleán ar an athair faoin méid a tharla, mar nár choinnigh sé a mhac sa mbaile? Ní chuirfeá! (Lúcás 15:11-13) Ar nós an athar sin, níor stop Dia an duine nuair a d’iompaigh sé ina aghaidh. Mar sin nuair a tharlaíonn drochrud, cuimhnigh nach é Dia is cúis leis. Níl sé ceart ná cóir an milleán a chur ar Dhia.

9 Níor chuir Dia stop leis na drochrudaí atá ag tarlú go dtí seo, ach tá cúis an-mhaith aige leis. Gheobhaidh tú amach céard atá ráite sa mBíobla faoi seo i gCaibidil 11. Is cinnte go bhfuil cion ag Dia orainn agus nach é is cúis lenár bhfadhbanna. I ndáiríre, is é Dia amháin atá in ann iad a réiteach.—Íseáia 33:2.

10. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go gcuirfidh Dia an dochar atá déanta ag drochdhaoine ar ceal?

10 Tá Dia naofa. (Íseáia 6:3) Tá Dia ionraic agus tá sé lán de mhaitheas. Mar sin is féidir linn muinín a bheith againn as. Níl an duine mar sin. Is minic a dhéanann sé drochrudaí. Agus níl an chumhacht ag fiú an rialtóir is cneasta, an dochar a dhéanann drochdhaoine a chur ina cheart. Níl aon duine chomh cumhachtach le Dia. Cuirfidh sé deireadh go luath le gach olc.—Léigh Salm 37:9-11.

CÉN CHAOI A MOTHAÍONN DIA FAOI FHULAINGT AN DUINE?

11. Cén chaoi a mothaíonn Dia faoin méid atá tú a fhulaingt?

11 Cén chaoi a mothaíonn Dia nuair a fheiceann sé an méid atá ag tarlú ar fud an domhain agus an méid atá tusa a fhulaingt? Múineann an Bíobla go bhfuil grá ag Dia don chóir agus don cheart. (Salm 33:5) Tá an ghráin aige ar fhulaingt an duine. Deir an Bíobla gur “ghoill sé air ó chroí” nuair a chonaic sé go raibh an domhan lán le holc fadó. (Geineasas 6:5, 6) Níl aon athrú tagtha ar Dhia. (Malaicí 3:6) Deir an Bíobla go bhfuil an-suim ag Dia ionat agus go bhfuil sé ag iarraidh aire a thabhairt duit.—Léigh 1 Peadar 5:7.

Má bhíonn tú ag iarraidh aithne a chur ar dhuine éigin, insíonn tú d’ainm dó. Insíonn Dia a ainm dúinne sa mBíobla

12, 13. (a) Cén fáth a bhfuil grá againn do dhaoine eile, agus cén chaoi a mothaíonn tú faoin bhfulaingt? (b) Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go gcuirfidh Dia deireadh le fulaingt agus le héagóir?

12 Deir an Bíobla freisin gur chruthaigh Dia muid ar a dheilbh féin. (Geineasas 1:26) Ciallaíonn sé seo gur chruthaigh Dia muid leis na dea-thréithe céanna atá aigesean. Mar sin má mhothaíonn tusa go dona nuair a fheiceann tú daoine ag fulaingt, bí cinnte go mothaíonn Dia i bhfad níos measa! Cén chaoi a bhfuil a fhios againn é seo?

13 Tá sé ráite sa mBíobla gurb “é Dia an Grá.” (1 Eoin 4:8) Gach a ndéanann Dia, is de bharr a ghrá a dhéanann sé é. Mar sin, tá muidne in ann grá a thabhairt, mar go dtugann Dia grá dúinn. Smaoinigh ar seo: Dá mbeadh an chumhacht agat, an gcuirfeá deireadh le fulaingt agus le héagóir? Chuirfeá, mar tá grá agat do dhaoine. Céard faoi Dhia? Tá an chumhacht aigesean, agus mar go bhfuil grá aige dúinn, cuirfidh sé deireadh le fulaingt agus le héagóir. Is cinnte go gcomhlíonfar gach ceann de ghealltanais Dé atá luaite ag tús an leabhair seo! Chun muinín a chur sna gealltanais seo, ní mór duit tuilleadh a fhoghlaim faoi Dhia.

TÁ DIA AG IARRAIDH ORT AITHNE A CHUR AIR

Múineann an Bíobla gurb é Iehova cruthaitheoir grámhar na cruinne

14. Cén t-ainm atá ar Dhia, agus cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur cheart dúinn é a úsáid?

14 Má tá tú ag iarraidh aithne a chur ar dhuine éigin, céard é an chéad rud a insíonn tú dó? D’ainm. An bhfuil ainm ar Dhia? Deir go leor reiligiúin gur Dia nó Tiarna is ainm dó, ach ní ainmneacha iad seo. Níl iontu ach teidil, ar nós “rí” nó “uachtarán.” Tá sé inste ag Dia dúinn gur Iehova an t-ainm atá air féin. Deir Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile): “Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna [Iehova *]; an Té is Airde os cionn an domhain go léir.” D’úsáid scríbhneoirí an Bhíobla ainm Dé na mílte uair. Is mian le Dia go mbeadh a fhios agat a ainm agus go n-úsáidfeá é. Insíonn sé a ainm duit sa gcaoi is gur féidir leat a bheith i do chara aige.

15. Céard a chiallaíonn an t-ainm Iehova?

15 Tá brí speisialta le hainm Dé, Iehova. Ciallaíonn sé gur féidir le Dia aon ghealltanas a dhéanann sé a chomhlíonadh agus go bhfuil sé in ann aon chuspóir atá aige a thabhairt chun críche. Ní féidir é a stopadh. Is ar Dhia Uilechumhachtach amháin atá an t-ainm Iehova. *

16, 17. Céard a chiallaíonn na teidil (a) “a Uilechumhachtaigh”? (b) “Rí na n-aoiseanna”? (c) “Cruthaitheoir”?

16 Mar atá luaite thuas, deir Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile) gurb é Iehova “amháin an Té is Airde.” Deir Apacailipsis 15:3: “Is éachtach agus is iontach iad d’oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh.” Céard a chiallaíonn “a Uilechumhachtaigh.” Ciallaíonn sé go bhfuil Iehova níos cumhachtaí ná aon neach eile ar fud na cruinne. Tugann 1 Tiomóid 1:17 “Rí na n-aoiseanna” ar Dhia. Ciallaíonn sé seo go raibh Dia ann riamh. Deir Salm 90:2: “Is tú Dia gan tús gan deireadh.” Nach bhfuil sé sin iontach!

17 Is é Iehova amháin an Cruthaitheoir. Deir Apacailipsis 4:11: “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.” Sea, chruthaigh Iehova gach uile ní—aingil na bhflaitheas, réaltaí na spéire, torthaí na gcrann agus éisc na farraige!

AN FÉIDIR LEAT A BHEITH I DO CHARA AG IEHOVA?

18. Cén fáth a gceapann daoine nach féidir leo a bheith ina gcara ag Dia? Céard atá ráite sa mBíobla faoi sin?

18 Nuair a léann daoine faoi thréithe mórga Iehova, bíonn siad ag smaoineamh, ‘Tá Dia chomh cumhachtach, chomh tábhachtach, agus chomh fada sin uainn, cén fáth a mbeadh aon suim aige ionamsa?’ An bhfuil Dia ag iarraidh orainn a bheith ag smaoineamh mar sin? Níl. Tá Iehova ag iarraidh cairdeas a bheith aige linn. Deir an Bíobla nach “fada ó aon duine againn é.” (Gníomhartha 17:27) Tá Dia ag iarraidh ort druidim isteach leis, agus geallann sé go ndruidfidh seisean i do chóngarsa.—Séamas 4:8.

19. (a) Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara ag Dia? (b) Cé acu de thréithe Iehova is mó a thaitníonn leat?

19 Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara ag Dia? Dúirt Íosa: “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.” (Eoin 17:3) Lean ort ag cur aithne ar Iehova agus ar Íosa. D’fhoghlaim muid cheana féin gur “grá é Dia.” (1 Eoin 4:16) Ach tá go leor dea-thréithe eile aige freisin. Is mar seo a chuireann an Bíobla síos ar Iehova: “Dia na cineáltachta agus na trócaire is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht.” (Eaxodus 34:6) Tá Iehova ‘maith agus ceansa.’ (Salm 86:5) Tá Dia foighneach, maiteach agus dílis. (2 Peadar 3:9; Salm 18:26 [18:25 i mBíoblaí eile]) Foghlaimeoidh tú go leor eile faoina dhea-thréithe de réir mar a léann tú an Bíobla.

20-22. (a) Cén chaoi ar féidir linn cairdeas a chothú le Dia? (b) Céard ar cheart duit a dhéanamh má bhíonn daoine ag iarraidh ort do staidéar ar an mBíobla a stopadh?

20 Cén chaoi ar féidir leat cairdeas a bheith agat le Dia mura bhfuil tú in ann é a fheiceáil? (Eoin 1:18; 4:24; 1 Tiomóid 1:17) De réir mar a léann tú an Bíobla cuirfidh tú aithne air, méadóidh do ghrá dó, agus mothóidh tú go bhfuil cairdeas agat leis.—Salm 27:4; Rómhánaigh 1:20.

Tá grá ag athair dá chlann, ach tá grá níos mó ná sin ag ár nAthair atá ar neamh dúinne

21 Tuigfidh tú gurb é Iehova ár nAthair. (Matha 6:9) Thug sé beatha dúinn agus is mian leis go mbeadh saol chomh maith agus is féidir againn. Nach shin é a bheadh aon athair grámhar ag iarraidh dá chlann? (Salm 36:10 [36:9 i mBíoblaí eile]) Múineann an Bíobla gur féidir leat a bheith i do chara ag Iehova. (Séamas 2:23) Nach iontach an rud é go bhfuil Iehova, cruthaitheoir na cruinne, ag iarraidh ortsa a bheith mar chara aige!

22 B’fhéidir go mbeadh daoine ag iarraidh ort do staidéar ar an mBíobla a stopadh le teann faitís go n-athrófá do reiligiún. Ach ná lig d’aon duine teacht idir tú féin agus Iehova. Is é an cara is fearr é a d’fhéadfadh a bheith agat.

23, 24. (a) Cén fáth ar cheart duit ceisteanna a chur? (b) Céard a phléifear sa gcéad chaibidil eile?

23 Tabharfaidh tú faoi deara, agus tú ag staidéar an Bhíobla, go bhfuil rudaí ann nach dtuigeann tú. Ná bíodh náire ort ceisteanna a chur ná cúnamh a iarraidh. Dúirt Íosa gur cheart dúinn a bheith umhal ar nós an pháiste. (Matha 18:2-4) Cuireann páistí go leor ceisteanna. Tá Dia ag iarraidh ortsa na freagraí a fháil. Mar sin, déan staidéar ar an mBíobla go cúramach, chun a chinntiú gurb í an fhírinne atá tú a fhoghlaim.—Léigh Gníomhartha 17:11.

24 Ní mór staidéar a dhéanamh ar an mBíobla chun aithne a chur ar Iehova. Sa gcéad chaibidil eile gheobhaidh muid amach cén fáth nach bhfuil an Bíobla cosúil le haon leabhar eile.

^ Alt 14 Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa bhfoilseachán seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

^ Alt 15 Mura bhfuil an t-ainm Iehova i do Bhíobla nó má tá tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoi, féach ar Aguisín 1.