Ná bac leis seo

Céard Atá i gCeist le Peaca?

Céard Atá i gCeist le Peaca?

Freagraíonn an Bíobla

 Tugtar peaca ar aon ghníomh, mothú nó smaoineamh atá in aghaidh caighdeáin Iehova. Mar shampla, dlíthe Dé a bhriseadh trí rud atá mícheart, nó éagórach, a dhéanamh. (1 Eoin 3:4; 5:​17) Déanann an Bíobla cur síos ar pheaca de bharr faillí​—sé sin, a bheith in ann an ceart a dhéanamh ach faillí a dhéanamh de.​—Séamas 4:​17.

 I mbun theangacha an Bhíobla, ciallaíonn an focal peaca “a bheith as marc.” Mar shampla, bhí grúpa saighdiúirí in Iosrael fadó a bhí chomh hábalta sin ag caitheamh clocha as crann tabhaill agus nach mbeadh siad “as marc” riamh. Dá n-aistreofaí an frása sin focal ar fhocal “níor pheacaigh siad” a bheadh i gceist. (Breithiúna 20:16) Mar sin, ciallaíonn peaca a bheith as marc ó thaobh chaighdeáin fhoirfe Dé.

 Mar Chruthaitheoir, tá sé de cheart ag Dia caighdeáin a leagan síos don chine daonna. (Apacailipsis 4:11) Tá muid freagrach do Dhia as gach a ndéanann muid.​—Rómhánaigh 14:12.

An féidir linn an peaca a sheachaint ar fad?

 Ní féidir. Deir an Bíobla “mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé.” (Rómhánaigh 3:​23; 1 Ríthe 8:​46; Cóheilit 7:​20; 1 Eoin 1:8) Cén fáth gur mar seo atá?

 Ar dtús, bhí an chéad lánúin, Ádhamh agus Éabha, gan pheaca mar cruthaíodh go foirfe, “ar dheilbh Dé” iad. (Geineasas 1:​27) Ach, chaill siad a bhfoirfeacht trína bheith easumhal do Dhia. (Geineasas 3:​5, 6, 17-​19) Nuair a bhí clann acu, fuair siadsan an peaca agus an neamhfhoirfeacht mar oidhreacht. (Rómhánaigh 5:​12) Mar a deir Rí Dáiví, “gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.”​—Salm 51:7 (51:5 i mBíoblaí eile).

An bhfuil peacaí ann atá níos tromchúisí ná a chéile?

 Tá. Mar shampla, deir an Bíobla gur “drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus . . . nach mór é a bpeaca agus nach trom.” (Geineasas 13:13; 18:20) Scrúdaigh trí rud a chinneann méid an pheaca.

  1.   Peacaí tromchúiseacha. Tugann an Bíobla foláireamh dúinn peacaí tromchúiseacha a sheachaint, rudaí ar nós mhímhoráltacht ghnéis, íoladhradh, goid, meisce, dúnmharú agus spioradachas. (1 Corantaigh 6:​9-​11; Apacailipsis 21:8) Déanann an Bíobla comparáid idir na peacaí sin agus peacaí nach ndéantar d’aon turas, mar shampla gníomh nó focail a ghortaíonn daoine eile. (Seanfhocail 12:18; Eifisigh 4:​31, 32) Ach mar sin féin, deir an Bíobla linn gan beag a dhéanamh d’aon pheaca mar go bhféadfadh peacaí tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu.​—Matha 5:​27, 28.

  2.   Cúis. Déantar roinnt peacaí mar gheall ar a bheith aineolach faoin méid atá Dia ag iarraidh orainn. (Gníomhartha 17:30; 1 Tiomóid 1:​13) Cé nach ndéanann an Bíobla neamhshuim den chineál seo peacaí, déanann sé idirdhealú idir iad seo agus peacaí a dhéantar d’aon ghnó. (Uimhreacha 15:30, 31) Tagann peacaí a dhéantar d’aon ghnó as ‘cruachroí oilc.’​—Irimia 16:12.

  3.   Minicíocht. Déanann an Bíobla idirdhealú freisin idir pheaca a dhéantar uair amháin agus peaca a bhíonn á dhéanamh go leanúnach ar feadh tréimhse ama. (1 Eoin 3:​4-8) Tugann Dia breithiúnas orthu siúd a leanann orthu “ag déanamh an pheaca“ fiú tar éis dóibh eolas a fháil ar an bhfírinne.​—Eabhraigh 10:26, 27.

 Is féidir le daoine a dhéanann peaca tromchúiseach a bheith ag mothú go dona faoina gcuid botún. Mar shampla, scríobh Rí Dáiví: “Óir d’éirigh mo chionta os mo chionn agus luíonn siad ina n-ualach róthrom orm.“ (Salm 38:5 [38:4 i mBíoblaí eile]) Ach tugann an Bíobla dóchas dúinn: “Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.“​—Íseáia 55:7.