Ná bac leis seo

Céard iad “Eochracha na Ríochta”?

Céard iad “Eochracha na Ríochta”?

Freagraíonn an Bíobla

 Seasann “Eochracha na Ríochta” ar a dtugtar uaireanta “eochracha do ríocht na bhflaitheas,” don údarás chun an bealach a oscailt do dhaoine le “dul isteach i Ríocht Dé.” (Matha 16:19; The New American Bible; Gníomhartha 14:22) a Thug Íosa “eochracha Ríocht na bhflaitheas” do Pheadar. Ciallaíonn sé seo gur tugadh údarás do Pheadar chun eolas a fháil faoin gcaoi a bhféadfadh daoine dílis, trí spiorad naofa Dé a fháil, an phribhléid a bheith acu dul isteach i ríocht na bhflaitheas.

Cé chaoi ar úsáideadh na heochracha?

 D’úsáid Peadar údarás ó Dhia chun an bealach a oscailt do thrí ghrúpa le dul isteach sa Ríocht:

  1.   Giúdaigh agus Daoine a d’iompaigh ina nGiúdaigh. Go gairid tar éis d’Íosa bás a fháil, spreag Peadar slua de chreidmhigh Ghiúdacha le glacadh le hÍosa mar an té a bhí roghnaigh ag Dia le bheith ina rí ar an Ríocht. Mhínigh Peadar dóibh gach a gcaithfidh siad a dhéanamh chun iad a shlánú. Mar sin d’oscail sé an bealach dóibh chun dul isteach sa Ríocht, agus ghlac na mílte “lena theachtaireacht.”​—Gníomhartha 2:​38-​41.

  2.   Samáraigh. Cuireadh Peadar chuig na Samáraigh ina dhiaidh sin. b D’úsáid sé eochair na Ríochta arís nuair a rinne sé féin agus an t-aspal Eoin, “guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh.” (Gníomhartha 8:​14-​17) D’oscail sé seo an bealach do na Samáraigh le dul isteach sa Ríocht.

  3.   Gintlí. Trí bliana go leith tar éis d’Íosa bás a fháil, thug Dia le fios do Pheadar go mbeadh an deis ag na Gintlithe (daoine nárbh Giúdaigh iad) dul isteach sa Ríocht freisin. D’úsáid Peadar ceann de na heochracha sin trí an dea-scéal a chraobhscaoileadh do na Gintlithe, rud a thug an deis dóibh an spiorad Naomh a fháil, a bheith ina gCríostaithe agus an dóchas a bheith ina mbaill den Ríocht ar neamh.​—Gníomhartha 10:30-​35, 44, 45.

Céard a chiallaíonn sé “dul isteach i ríocht Dé”?

 Beidh siad siúd a théann isteach sa Ríocht ina gcomhrialtóirí le hÍosa ar neamh. Thuar an Bíobla go ‘suífidís ar ríchathaoireacha’ agus go mbeidís mar ríthe ag rialú na talún.​—Lúcás 22:29, 30; Apacailipsis 3:​21; 14:1, 3.

An chiall chontráilte maidir le heochracha na Ríochta

 An chiall chontráilte: Is é Peadar a roghnaíonn an té a fhéadfaidh dul chun na bhflaitheas.

 Fíric: Deir an Bíobla nach é Peadar ach Íosa Críost, atá “chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.” (2 Tiomóid 4:​1, 8; Eoin 5:​22) Dúirt Peadar féin gurb é Íosa “atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.”​—Gníomhartha 10:34, 42.

 An chiall chontráilte: Bhí sé suas do Pheadar cinneadh a dhéanamh faoin uair a d’úsáidfí eochracha na Ríochta.

 Fíric: Nuair a labhair Íosa faoi eochracha na Ríochta, dúirt sé le Peadar: “rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.” (Matha 16:19) Cé go dtuigeann cuid de na daoine go gciallaíonn an ráiteas seo go raibh sé d’údarás ag Peadar an rud a tharlóidh ar neamh a leagan síos, léiríonn na briathra Gréagacha go raibh ar Pheadair na cinntí a rinneadh ar neamh cheana féin a leanúint seachas eisean a bheith á leagan síos roimh ré. c

 Léiríonn an Bíobla in áit eile go raibh Peadar freagrach do na flaithis agus é ag úsáid eochracha na Ríochta. Mar shampla, lean sé treoracha ó Dhia agus an tríú heochair á úsáid aige.​—Gníomhartha 10:19, 20.

a Úsáideann an Bíobla an téarma “eochair” mar shiombail ar údarás agus ar fhreagracht ó am go ham.​—Íseáia 22:20-​22; Apacailipsis 3:​7, 8.

b Bhí an reiligiún a chleacht na Samáraigh difriúil ón nGiúdachas ach bhí roinnt de theagasc agus de chleachtais Dhlí Mhaois le fáil ann.

c Féach an nóta staidéir ar Matha 16:19 sa New World Translation of the Holy Scriptures (Study Edition).