Céard a Tharlaíonn Nuair a Fhaigheann Tú Bás?
Freagraíonn an Bíobla
Deir an Bíobla: “Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh.” (Cóheilit 9:5; Salm 146:4) Mar sin, ní mhaireann aon pháirt dínn nuair a fhaigheann muid bás. Ní féidir leis na mairbh smaoineamh, ná gníomhú, mar tá siad gan aithne gan urlabhra.
“Ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú”
Mhínigh Dia céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaigheann muid bás nuair a labhair sé leis an gcéad fhear, Ádhamh. De bhrí go raibh Ádhamh easumhal, dúirt Dia leis: “Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.” (Geineasas 3:19) Sular chruthaigh Dia Ádhamh “de chré na talún,” ní raibh Ádhamh ann. (Geineasas 2:7) Ar an gcaoi chéanna, nuair a fuair Ádhamh bás, d’fhill sé ar an gcré, ní raibh sé ann ní ba mhó.
Tarlaíonn an rud céanna dóibh siúd a fhaigheann bás inniu. Ag cur síos dó ar dhaoine agus ar ainmhithe, deir an Bíobla: “Is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís.”—Cóheilit 3:19, 20.
Ní gá gurb é an bás deireadh an duine
Is minic a dhéanann an Bíobla comparáid idir bás agus codladh. (Salm 13:4 [13:3 i mBíoblaí eile]; Eoin 11:11-14) Níl a fhios ag duine atá ina chodladh céard atá ag tarlú thart timpeall air. Mar an gcéanna, níl eolas dá laghad ag na mairbh. Ach, múineann an Bíobla gur féidir le Dia na mairbh a dhúiseacht mar a dhéanfá le duine a bheadh ina chodladh agus a mbeatha a thabhairt ar ais dóibh arís. (Íseáia 26:19; Dainéil 12:2, 13) Ní hé an bás deireadh gach ní dóibh siúd a thógann Dia ó na mairbh.